Skip to main content

Conas gearán a dhéanamh

Má tá tú míshásta le gníomhartha phóilín, féadfaidh tú gearán a dhéanamh:

Déan Gearán ar líne.

Seol gearán chugainn ag am ar bith ag baint úsáide as ár bhfoirm ghearán shlán ar líne. Is féidir leat an fhoirm a úsáid freisin chun faisnéis a sheoladh chugainn mar thaca le do ghearán – mar shampla comhaid físe nó fuaime, pictiúir nó doiciméid.

Déan gearán ar líne.

Cad is féidir liom gearán a dhéanamh faoi?

Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi rud ar bith a dhéanann oifigeach póilíneachta le linn a gcuid dualgas a chuireann imní ort. D’fhéadfadh sé sin a bheith idir rud ar bith ó rud éigint go dtí imní faoi choiriúlacht thromchúiseach.

Pléann Oifig an Ombudsman don Phóilíniú le gearáin faoi iompar:

  • Póilíní agus roinnt daoine eile a fhostaíonn Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann
  • Póilíní Cuain Bhéal Feirste
  • Póilíní Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste
  • Póilíní na hAireachta Cosanta i dTuaisceart Éireann (tromchásanna)
  • Oifigigh na Gníomhaireachta Náisiúnta um Choireacht i dTuaisceart Éireann (tromchásanna)
  • Oifigigh na Gníomhaireachta Inimirce agus Teorann i dTuaisceart Éireann (tromchásanna)

Ní phléann muid le gearáin faoi na nithe seo a leanas:

  • Cúrsaí oibríochta na bpóilíní, amhail an dóigh a dtugann na póilíní tosaíocht dá gcuid oibre nó ar an dóigh a láimhseálann siad a n-oibríochtaí nó líon na bpóilíní a chuirtear chuig ceantar.
  • Póilíní nach bhfuil ar dualgas, ach má tá sé ábhartha gur póilín iad, amhail má deir siad leat gur póilín iad.
  • Póilíní agus fostaithe póilíneachta atá ar scor, murab é an gearán é gur bhris siad an dlí nuair a bhí siad ag obair do na póilíní.

Tabhair do d’aire:

  • Caithfidh tú gearán a dhéanamh linn laistigh de bhliain amháin den eachtra a bhfuil tú buartha faoi de ghnáth. 
  • Go ginearálta, is amhlaidh is luaithe a dhéanann tú do ghearán is fearr. D’fhéadfadh go gcaillfear roinnt fianaise le himeacht aimsire.
  • Is féidir leis an Ombudsman don Phóilíniú gearán faoi eachtraí a fhiosrú ar eachtraí iad a tharla níos mó ná bliain amháin ó shin sular tuairiscíodh dúinn é má chreideann sí gur ceist throm nó eisceachtúil é. 
  • Go hiondúil, ní féidir linn imscrúdú a dhéanamh ach amháin má bhí tú páirteach go pearsanta nó go raibh tionchar ag an eachtra ort, nó má tá tú ag gníomhú thar ceann duine a bhí ann. 
  • D’fhéadfadh go gceanglófar orainn do chuid faisnéise a roinnt le páirtithe eile, agus do ghearán á imscrúdú agus chun ár n-oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh. Tá tuilleadh faisnéise maidir le cathain a d’fhéadfaimis do chuid faisnéise a roinnt ar fáil inár bhFógra Príobháideachais.